Cookie Notice

This site does not use tracking cookies of any sort. It does store a Session Cookie. This is a security cookie and ensures that if the administrator of the site forgets to log out of the site, after 10 minutes of inactivity, the site will automatically time out. This cookie is automatically deleted at the end of the every session and contains no personal information. We do not use these cookies for any purpose other than as stated above. For further information please click here.

To reset your cookie permissions please click the reset link at the bottom of this page.


Get me out of here...

Ár Scoil:

 

Stair na scoile: 

Luíonn Scoil an tSratha Mhóir i gceantar álainn Ghaeltachta Ghleann Domhain, taobh le Gartán, ait bhreithe Naomh Colmcille.

Bunaíodh an scoil i 1899 agus bronnadh aitheantas scoileanna Gaeltachta ar an scoil i 2023.

Is ábhair dochais í an scoil seo don phobal anseo mar gheall go bhfuil an tumoideachas ag cur go mór le hathbheochan na Gaeilge.

Tá muid an-bhródúil as an méid atá bainte amach againn le chéile thar na mblianta. Tá muid fíor- bhuíoch do achan duine a oibríonn ar son na scoile,  agus tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an suíomh geasán scoile seo.

    

 

Éiteas na scoile: 

Is bunscoil chomhoideachais Chaitliceach í Scoil Náisiúnta an tSratha Mhóir a shloáthraíonn oideachas bunscoile do dhaltaí ó na Naíonáin Shóisearacha go Rang a Sé. Tá muid díograsach i leith forbairt iomlan an pháiste agus déanfaidh muid an cultúir Ghaelach agus Oidhreacht na hÉireann – teanga, ceol, spórt agus rince a chothú agus a chur chun cinn agus a cheilliúradh sa scoil an t-am ar fad.

Déanfaidh Scoil an tSratha Mhóir obair chrua lena chinntiú go mbeidh féinmhuinín níos fearr ag achan duine i bpobal na scoile, go mbeidh meas ag na daltaí ar dhaoine agus ar mhaoin agus go spreagfar freagracht iontu.

Tá iarracht mhór á déanamh aici le timpeallacht a chur ar fáil atá eagraithe go maith, tuisceanach, sásta agus sábhailte. Déantar riachtanais intleachtúla, spioradálta, fisiciúla agus chultúrtha na ndaltaí a aithint agus a láimhseáil inti.

Cé gur scoil Chaitliceach í Scoil an tSratha Mhóir, tugtar aitheantas do chreidimh eile fosta. Spreagfaidh Scoil an tSratha Mhóir na tuismitheoirí a bheith gníomhach fríd theagmhálacha baile/scoile.

Cuirfidh Scoil an tSratha Mhóir comhionannas inscne chun tosaigh i measc na múinteoirí agus na ndaltaí.

 

Ár bhfoireann:

Na múinteoirí:

Príomhoide - Ursula McDevitt – Múinteoir Ranga

Príomhoide Tánaisteach - Neasa Uí Dhochartaigh – Múinteoir Ranga

Vanessa Uí Churráin – Múinteoir Ranga

Rónán Mac Niallais - Múinteoir Tacaíocht Foghlama

Conchubhair Ó Friel - Cúinteoir Teanga

Ava Ní Mhuirí – Múinteoir Ranga

Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS):

Ann McMonagle

Francie Friel

Niamh Nic Aoidh

An Rúnaí: Sharon Bowman

 

An Bord Banistíochta:

Feidhmíonn an Bord Bainistíochta thar cheann an phatrúin (an Foras Patrúnachta) agus de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna. Feidhmíonn sé mar ‘chomhlacht Chorparáideach’. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmíonn an Bord mar aonad amháin agus iad ag deighleáil le gnó scoile.  Dá bhrí sin feidhmíonn na tuismitheoirí agus an múinteoir tofa go hiomlán neamhspleách ar an ghrúpa a thogh iad sa chéad áit.

Tá sé mar dhualgas ar bhaill an Bhoird seasamh agus tacú le sainmheoin, cultúir agus traidisiúin na scoile, eolas & tuiscint a bheith acu ar na freagrachtaí aonair agus na comhfhreagrachtaí a bhaineann le ballraíocht ar an Bhord,  ról/feidhm ar leith i mBainistíocht na scoile a ghlacadh orthu féin agus tuiscint a bheith acu ar feidhmeanna an Bhoird agus an gaol atá idir an Bord Bainistíochta, daltaí, múinteoirí, foireann, tuismitheoirí, an patrún agus an Roinn Oideachas & Eolaíochta.

 Níl an Bord Bainistíochta freagrach as páistí a thagann ar scoil roimh 09:10 nó a fhanann siar i ndiaidh 15:00.

 

Manna na Scoile: ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’

Tá an Ghaeilge Labhartha fíor-thábhachtach dúinn mar scoil. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc agus teanga chumarsáide na scoile. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm againn dearcadh dearfach agus grá don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a spreagadh sna daltaí, i bpobal na scoile agus sa cheantair.

Home page | Gaeloideachas

Buntáistí an Tumoideachais sna Scoileanna Gaeltachta (English Subtitles) - YouTube